← D'fhág a mac, Proinsias, an teach agus é ina pháiste óg chun dul ag obair i dTír Eoghain agus ina dhiaidh sin chuaigh sé go hAlbain mar a raibh go leor de mhuintir Thír Chonaill roimhe. 🔊✎
← Bhí fonn abhaile air tar éis cúig bliana déag ach bhí sé ag iarraidh go mbeadh carn maith airgid aige chun feirm a cheannach i measc a mhuintire féin. 🔊✎
← Ba ghnách le bunadh Sheáin Eoin a bheith ag déanamh corrgháire faoin Bhéarla mhór a bhíodh i litreacha Phroinsís agus faoin drochlitriú. 🔊✎
← Goidé mar atá tú, a Bheagaide? Bí i do shuí a Bheagaide." 🔊✎
← Thiocfadh leis aistí a scríobh i mBéarla agus i nGaeilge, ar theach faire agus ar lá aonaigh agus ar Naomh Pádraig. 🔊✎
← I mBéarla a scríobhadh muintir Ros Cuain a gcuid litreacha uilig - agus bhí cuid Gaeilge Bheagaide chomh hachrannach agus nach dtiocfadh leis an ghasúr Béarla a chur uirthi. 🔊✎
← Lena cois sin, cuireadh Beagaide a lán rudaí ina litir nach raibh tuigse rómhaith aige orthu - rudaí iontacha nach gcuirfeadh aon duine i litir dar leis. 🔊✎
← Agus i dtaca le paipéar na ngearrthach de, bhíodh an oiread mionphrionta agus a oiread uimhreacha air, agus bhí sé chomh "hoifigiúil" sin, agus go bhfágfadh sé an gasúr bocht ina dhobhrán dhall. 🔊
← Bhíodh airgead beag éigin i gcónaí sa litir, nó mac dlisteanach a bhí i bPrionsias. 🔊
← Nuair a d'inseodh sí dó go raibh pian i gcnámh an smiolgadáin aici ní bheadh a fhios aige faoi Dhia goidé ba chóir dó a chur síos. 🔊✎